Mar fhreagairt ar ionsaí míleata gan chúis Vladimir Putin i gcoinne na hÚcráine, tá smachtbhannaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana curtha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach, ar smachtbhannaí iad a ceapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:cumas na Creimile an cogadh a mhaoiniú a laghdúcostais shoiléire eacnamaíocha pholaitiúla a ghearradh ar scothaicme pholaitiúil na Rúisebonn eacnamaíoch na Rúise a laghdú Tá bonn eacnamaíoch na Rúise á chreimeadh go géar i ngeall ar ár smachtbhannaí, rud a chuireann bac ar aon fhéidearthacht é a nuachóiriú. Leanfaimid de bhrú a chur ar an Rúis agus orthu siúd atá ag tacú léi ar an láthair chatha. Leanfaimid ar aghaidh ag dul i ndiaidh cairde fabhair Putin. Agus rachaimid i ndiaidh na daoine a chabhraíonn leis an Rúis dul timpeall ar smachtbhannaí nó a harmlann chogaidh a athlíonadh. Cur chuige cuimsitheach maidir le smachtbhannaí Smachtbhannaí ar dhaoine aonair, ar chuideachtaí agus ar eagraíochtaíBearta maidir le víosaíToirmisc ar iompórtálacha agus ar easpórtálachaBearta maidir le seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnóSmachtbhannaí ar fhuinneamhSmachtbhannaí ar iomparSmachtbhannaí ar earraí dé-úsáideSócmhainní a aisghabháil agus a choigistiúSmachtbhannaí a dhéanamh éifeachtach Tionchar na smachtbhannaí Tá na bearta sin cliste agus comhordaithe lenár gcomhghuaillithe. Díríonn siad ar scothaicme pholaitiúil na Rúise agus tá costas díreach á fhorchur acu ar an Rúis as a cogadh foghach, agus ag an am céanna, tá siad ag déanamh damáiste do chumas tionsclaíoch agus eacnamaíoch na Rúise cogadh a fhearadh, níos mó arm a mhonarú, agus córais arm atá aici cheana a dheisiú. Toradh eile ar na smachtbhannaí is ea go bhfágann siad arm na Rúise agus a sholáthraithe gann ar na hearraí agus ar an trealamh is gá chun a chogadh a fhearadh ar chríoch cheannasach na hÚcráine. Ní chuireann aon cheann de smachtbhannaí an Aontais in aghaidh na Rúise cosc ar sholáthar agraibhia, trealaimh leighis ná cógais don phobal i gcoitinne. Níl aon toirmeasc per se ar innealra talmhaíochta a easpórtáil ach oiread. Ní dhírítear le haon cheann de na smachtbhannaí ar an trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus bia, gránaigh agus leasacháin san áireamh, idir tríú tíortha agus an Rúis. Pacáiste smachtbhannaíFéach liosta iomlán na mbeart Naisc ghaolmhara Amlíne na smachtbhannaíCeisteanna coitiantaUirlis sceithire maidir le smachtbhannaí an AontaisBearta sriantacha an Aontais i gcoinne na Bealarúise