Lean an Coimisinéir McGrathXFacebookLinkedinLíonraí sóisialta eile Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Freagrachtaí An daonlathas agus an smacht reachtaIs é an cúram atá ar Michael McGrath treisiú leis na croíluachanna agus na croíphrionsabail is cloch bhoinn don Aontas, don tsochaí agus don gheilleagar seo againn. Oibríonn sé chun a chinntiú nach mbeidh aon amhras ar na saoránaigh ach gur go cothrom oibiachtúil a fheidhmítear cumhacht stáit.Tá sé freagrach as an méid seo a leanas:Sciath Eorpach nua don Daonlathas a chur ar bun, an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na hionramhála agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis san áireamh oibriú chun cothroime agus sláine na dtoghchán a chaomhnú, agus sábháilteacht na n-iarrthóirí polaitiúla a chosainttograí a chur i bhfeidhm agus a chur ar aghaidh chun tuilleadh tacaíochta agus cosanta a thabhairt do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí neamhspleáchaArdán Sochaí Sibhialta a fhorbairt chun idirphlé sibhialta rialta a neartú agus chun an tsochaí shibhialta, gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine a chosaintan obair ar an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a stiúradh, gné an mhargaidh aonair a chur leis agus tuilleadh tíortha is iarrthóirí a chur san áireamh annforfheidhmiú éifeachtach a chinntiú i gcás inarb iomchuí agus tacú leis an iarracht chun Sásra Airteagal 7 a chur i bhfeidhm ar bhealach treisithecinnte a dhéanamh de go gcuirtear ionstraimí buiséid an Aontais i bhfeidhm ar bhealach atá i gcónaí go hiomlán comhsheasmhach leis an urraim don smacht reachta agus do chearta bunúsachacur chuige soiléir de chuid an Aontais a fhorbairt i leith an fhrithéillithe, lena gcinnteofar gur féidir le maoiniú ón Aontas tacú le bearta náisiúnta chun an t-éilliú a chomhractuairisciú bliantúil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha Faigh tuilleadh eolais faoi thiomantas an Aontais an daonlathas a chosaint agus seasamh leis an smacht reachta. An ceartas agus cosaint tomhaltóiríIs é Michael McGrath atá i gceannas an cheartais agus cosaint tomhaltóirí freisin. Is é an cúram atá air a chinntiú go ndéantar cearta a chosaint, conarthaí a fhorfheidhmiú, agus pionóis a ghearradh mar gheall ar an éilliú.Tá sé freagrach as an méid seo a leanas: an obair a stiúradh chun stádas dlíthiúil uile-Aontais a thógáil i bhfoirm an 28ú córas trína gcuirfear tacar rialacha simplithe, comhchuibhithe i bhfeidhm ar mhaithe le cuideachtaían chéad Chlár Oibre eile do Thomhaltóirí 2025-2030 a ullmhú, gníomhaíochtaí a mholadh chun tomhaltóirí a chosaint sa mhargadh aonair agus earraí nó seirbhísí á gceannach acu agus beartais maidir le sábháilteacht táirgí a chur i bhfeidhmGníomh um Chothroime Dhigiteach a fhorbairt chun dul i ngleic le teicnící agus cleachtais tráchtála mhí-eiticiúla, go háirithe nuair a bhaintear leas as leochaileachtaí tomhaltóirí chun críoch tráchtálaforfheidhmiú iomlán an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus a chinntiú go leanann sé de bheith cothrom le dáta, agus sreafaí iontaofa sonraí le comhpháirtithe idirnáisiúnta a chur chun cinnoibriú chun an Barántas Gabhála Eorpach a neartú chun cur ar a gcumas do na húdaráis bhreithiúnacha oibriú níos dlúithe le chéile agus chun dlús a chur leis an gcomhar idir Europol agus EurojustFaigh tuilleadh eolais faoi bheartais an Aontais maidir le ceartas agus tomhaltóirí. TeagmhálachaBaill foirnetacaíocht a thabhairt dó ina chuid oibre ó lá go láTeagmhálacha leis na meáinSeirbhís urlabhraí an ChoimisiúinScríobh chuig an gCoimisinéirComhroinn do thuairimí Óráidí Speech19 Bealtaine 2025Speech by Commissioner McGrath on Future Proofing EU Democracy at the International Institute of International and European Affairs Am léitheoireachta: 10 nóiméadSpeech13 Bealtaine 2025Speech by Commissioner McGrath on Shielding Europe's democracy from hybrid threats at the Copenhagen Democracy Summit Am léitheoireachta: 7 nóiméadTuilleadh óráidí An scéala is déanaí Preaseisiúint26 Bealtaine 2025Áitíonn an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta ar SHEIN dlíthe cosanta tomhaltóirí an Aontais a urramúAm léitheoireachta: 6 nóiméadPreaseisiúint9 Bealtaine 2025Comhghuaillíocht idirnáisiúnta tagtha ar chomhaontú maidir leis an mBinse Speisialta um Choir an Fhogha faoin Úcráin a bhunúAm léitheoireachta: 6 nóiméadTuilleadh nuachta Féilire Féach gach rud Trédhearcacht Cruinnithe agus misinMar chuid de thiomantas an Choimisiúin don trédhearcacht, foilsíonn na Coimisinéirí agus comhaltaí dá Cabinet eolas agus miontuairiscí maidir le gach cruinniú a thionóltar le hionadaithe sainleasa. Gach dhá mhí, foilsíonn siad forléargas ar speansais mhisin freisin.Cruinnithe leis an gCoimisinéir McGrathCruinniú le Comhaltaí Cabinet an Choimisinéara McGrathMisin an Choimisinéara McGrathÉisteachtaí Pharlaimint na hEorpaLéigh freagraí an Choimisinéara McGrath ar an gceistneoir ó Pharlaimint na hEorpa.Dearbhú leasannaI gcomhréir le Cód Iompair an Choimisiúin do Chomhaltaí an Choimisiúin, foilsíonn gach Coimisinéir dearbhú leasanna. Tá leagan barántúil sínithe den Dearbhú foilsithe ag bun an leathanaigh seo. Cuirtear leaganacha meaisín-inléite de na dearbhuithe uile ar fáil freisin, mar a cheanglaítear leis an gCód Iompair. Beathaisnéis 2024 go dtí an t-am i láthairAn Coimisinéir Eorpach um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí2022-2024Aire Airgeadais na hÉireann2020-2022Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na hÉireann2011-2020Príomh-Urlabhraí an Fhreasúra maidir le hAirgeadas, Fianna Fáil2007-2024Teachta Dála2004-2007Ionadaí tofa sa Rialtas Áitiúil (Comhairle Cathrach Chorcaí)2003-2005Ceann na gCóras Faisnéise agus Bainistíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh2001-2003Rialaitheoir Airgeadais, RedFM2000-2007Comhalta Boird, LéargasTaispeáin 5 de ní eile1999-2007Ionadaí tofa sa Rialtas Áitiúil (Comhairle Baile an Phasáiste) Doiciméid 1 NOLLAIG 2024President von der Leyen’s mission letter to Michael McGrathTeangacha eile (1)English(514.12 KB - PDF)Íoslódáil 6 FEABHRA 2025Declaration of interests - Michael McGrath Naisc ghaolmhara The PresidentColáiste na gCoimisinéiríAn ceartas agus cearta bunúsachaTomhaltóirí
Speech19 Bealtaine 2025Speech by Commissioner McGrath on Future Proofing EU Democracy at the International Institute of International and European Affairs Am léitheoireachta: 10 nóiméad
Speech13 Bealtaine 2025Speech by Commissioner McGrath on Shielding Europe's democracy from hybrid threats at the Copenhagen Democracy Summit Am léitheoireachta: 7 nóiméad
Preaseisiúint26 Bealtaine 2025Áitíonn an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta ar SHEIN dlíthe cosanta tomhaltóirí an Aontais a urramúAm léitheoireachta: 6 nóiméad
Preaseisiúint9 Bealtaine 2025Comhghuaillíocht idirnáisiúnta tagtha ar chomhaontú maidir leis an mBinse Speisialta um Choir an Fhogha faoin Úcráin a bhunúAm léitheoireachta: 6 nóiméad