Earnáil cúraim sláinte atá athléimneach i gcoinne cibearbhagairtí Tá athrú ó bhonn tagtha ar chúram sláinte mar gheall ar an digitiú, agus tá feabhas ar sheirbhísí othar dá bharr trí nuálaíochtaí amhail ríomhthaifid sláinte, an teilileigheas, agus diagnóisic faoi stiúir na hintleachta saorga. Mar sin féin, d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag cibirionsaithe, ina measc sin moilleanna ar nósanna imeachta leighis, sáinneacha i seomraí éigeandála, agus cur isteach ar sheirbhísí ríthábhachtacha.Tá an earnáil cúraim sláinte ar cheann de na hearnálacha is mó a ndírítear cibirionsaithe uirthi, agus tá méadú ag teacht ar líon na dteagmhas le blianta beaga anuas – méadú ar mó é ná aon earnáil chriticiúil eile san Aontas. Príomhfhigiúirí 309 dteagmhasa tuairiscíodh in 2023 a chuir isteach ar an gcibearshlándáil in earnáil na sláinte54%de chibirionsaithe san earnáil sláinte, tá bogearraí éirice i gceist leo Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá beart á dhéanamh ag an Aontas chun an cúram sláinte a chosaint mar a bheadh bonneagar criticiúil ann. Is é is aidhm don phlean gníomhaíochta Eorpach nua a chinntiú gur athléimneach i gcoinne cibearbhagairtí a bheidh córais cúraim sláinte, institiúidí agus feistí leighis nasctha, agus sábháilteacht othar agus muinín as an saol digiteach a chosaint.Tá an plean gníomhaíochta ar an gcéad cheann de na tionscnaimh a chuirfidh an Coimisiún i láthair le linn na chéad 100 lá den sainordú nua, mar a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina treoirlínte polaitiúla. Céard atá beartaithe sa phlean gníomhaíochta? Cuireann an plean gníomhaíochta Eorpach leis an reachtaíocht atá ann cheana agus is é is aidhm dó lárionad tacaíochta cibearshlándála uile-Eorpach a bhunú do na hospidéil agus do na soláthraithe cúraim sláinte, lena gcuirfear treoir, uirlisí, seirbhísí agus oiliúint shaincheaptha ar fáil. Is ar cheithre thosaíocht atá sé bunaithe:Bearta coisctheacha a fheabhsú Cuidíonn an plean chun acmhainneachtaí na hearnála cúraim sláinte a fhorbairt d’fhonn teagmhais chibearshlándála a chosc trí bhearta ullmhachta feabhsaithe, mar shampla, treoraíocht maidir le cleachtais chibearshlándála chriticiúla a chur i bhfeidhm. Ar an dara dul síos, féadfaidh na Ballstáit dearbháin chibearshlándála a thabhairt isteach freisin chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil do mhiocrospidéil, ospidéil bheaga agus mheánmhéide, micreasholáthraithe cúraim sláinte, agus soláthraithe cúraim sláinte beaga agus meánmhéide. Ar deireadh, forbróidh an tAontas acmhainní foghlama cibearshlándála le haghaidh gairmithe cúraim sláinte freisin.Bagairtí a bhrath agus a shainaithint ar bhealach níos fearr. Forbróidh an lárionad tacaíochta cibearshlándála le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte seirbhís luathrabhaidh uile-Aontais faoi 2026, lena soláthrófar foláirimh neas-fhíorama maidir le cibearbhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann.Freagairt ar chibirionsaithe chun a dtionchar a íoslaghdú. Moltar sa phlean seirbhís mearfhreagartha don earnáil sláinte faoi chúltaca cibearshlándála an Aontais. Leis an gcúltaca, rud a bunaíodh sa Ghníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, cuirtear seirbhísí freagartha teagmhas ar fáil ó sholáthraithe seirbhíse príobháideacha iontaofa. Mar chuid den phlean, is féidir cleachtaí cibearshlándála náisiúnta a reáchtáil agus leabhair bheartaíochta a fhorbairt an tráth céanna chun treoir a thabhairt d’eagraíochtaí cúraim sláinte maidir le freagairt do bhagairtí cibearshlándála sonracha, bogearraí éirice san áireamh. Moltar do na Ballstáit tuairisciú íocaíochtaí fuascailte a iarraidh ar eintitis ionas go mbeidh siad in ann an tacaíocht a bhfuil gá ag na heintitis léi a chur ar fáil dóibh agus cur ar a gcumas do na húdaráis forfheidhmithe dlí dul i dteagmháil leo ina dhiaidh sin.Díspreagadh: córais cúraim sláinte na hEorpa a chosaint trí ghníomhaithe cibearbhagairtí a dhíspreagadh ó ionsaí a dhéanamh orthu. San áireamh leis sin tá úsáid bhosca uirlisí na cibearthaidhleoireachta, freagairt taidhleoireachta chomhpháirteach ón Aontas ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha. Cén tairbhe a bhainfidh tusa as?Cruthóidh an plean gníomhaíochta timpeallacht níos sábháilte agus níos sláine d’othair, rud a chinnteoidh an méid seo a leanas: go ndéanfar sonraí pearsanta agus taifid leighis a chosaintnach gcuirfidh cibirionsaithe isteach ar sheirbhísí cúraim sláintego neartófar muinín sna soláthraithe cúraim sláinte, a bhfuil bearta á ndéanamh acu chun cibearbhagairtí a chosc agus chun freagairt orthu Cén dóigh a n-oibreoidh sé? Cuirfear an plean gníomhaíochta i bhfeidhm i ndlúthchomhar le soláthraithe cúraim sláinte, leis an earnáil cúraim sláinte, leis na Ballstáit agus leis an bpobal cibearshlándála, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) ina lár.Glac páirt sa phróiseas comhairliúcháinChun ionchur a bhailiú, tá comhairliúchán spriocdhírithe seolta ag an gCoimisiún. Cuirfidh na torthaí tuilleadh leis na moltaí, a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a thíolacadh faoi dheireadh na bliana.Téigh chuig an suirbhé. Na chéad chéimeanna eile 2025 Ráithe 1Bord comhairleach comhpháirteach um chibearshlándáil sláinte a bhunú2025 Ráithe 2Tús a chur leis an obair chun lárionad Eorpach tacaíochta cibearshlándála a bhunú le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinteComhairliúchán le páirtithe leasmhara a sheoladhFaoi dheireadh 2025Moltaí a chur i láthair chun an plean gníomhaíochta a bheachtú tuilleadh2025-2026Bearta sonracha a chur i bhfeidhm atá leagtha amach sa PhleanMeasúnú aibíochta cibearshlándála sláinte a dhéanamh Naisc ghaolmhara Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithePlean gníomhaíochta um chibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinteAn ChibearshlándáilGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA)
Tá athrú ó bhonn tagtha ar chúram sláinte mar gheall ar an digitiú, agus tá feabhas ar sheirbhísí othar dá bharr trí nuálaíochtaí amhail ríomhthaifid sláinte, an teilileigheas, agus diagnóisic faoi stiúir na hintleachta saorga. Mar sin féin, d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag cibirionsaithe, ina measc sin moilleanna ar nósanna imeachta leighis, sáinneacha i seomraí éigeandála, agus cur isteach ar sheirbhísí ríthábhachtacha.Tá an earnáil cúraim sláinte ar cheann de na hearnálacha is mó a ndírítear cibirionsaithe uirthi, agus tá méadú ag teacht ar líon na dteagmhas le blianta beaga anuas – méadú ar mó é ná aon earnáil chriticiúil eile san Aontas.
Is ar cheithre thosaíocht atá sé bunaithe:Bearta coisctheacha a fheabhsú Cuidíonn an plean chun acmhainneachtaí na hearnála cúraim sláinte a fhorbairt d’fhonn teagmhais chibearshlándála a chosc trí bhearta ullmhachta feabhsaithe, mar shampla, treoraíocht maidir le cleachtais chibearshlándála chriticiúla a chur i bhfeidhm. Ar an dara dul síos, féadfaidh na Ballstáit dearbháin chibearshlándála a thabhairt isteach freisin chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil do mhiocrospidéil, ospidéil bheaga agus mheánmhéide, micreasholáthraithe cúraim sláinte, agus soláthraithe cúraim sláinte beaga agus meánmhéide. Ar deireadh, forbróidh an tAontas acmhainní foghlama cibearshlándála le haghaidh gairmithe cúraim sláinte freisin.Bagairtí a bhrath agus a shainaithint ar bhealach níos fearr. Forbróidh an lárionad tacaíochta cibearshlándála le haghaidh ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte seirbhís luathrabhaidh uile-Aontais faoi 2026, lena soláthrófar foláirimh neas-fhíorama maidir le cibearbhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann.Freagairt ar chibirionsaithe chun a dtionchar a íoslaghdú. Moltar sa phlean seirbhís mearfhreagartha don earnáil sláinte faoi chúltaca cibearshlándála an Aontais. Leis an gcúltaca, rud a bunaíodh sa Ghníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, cuirtear seirbhísí freagartha teagmhas ar fáil ó sholáthraithe seirbhíse príobháideacha iontaofa. Mar chuid den phlean, is féidir cleachtaí cibearshlándála náisiúnta a reáchtáil agus leabhair bheartaíochta a fhorbairt an tráth céanna chun treoir a thabhairt d’eagraíochtaí cúraim sláinte maidir le freagairt do bhagairtí cibearshlándála sonracha, bogearraí éirice san áireamh. Moltar do na Ballstáit tuairisciú íocaíochtaí fuascailte a iarraidh ar eintitis ionas go mbeidh siad in ann an tacaíocht a bhfuil gá ag na heintitis léi a chur ar fáil dóibh agus cur ar a gcumas do na húdaráis forfheidhmithe dlí dul i dteagmháil leo ina dhiaidh sin.Díspreagadh: córais cúraim sláinte na hEorpa a chosaint trí ghníomhaithe cibearbhagairtí a dhíspreagadh ó ionsaí a dhéanamh orthu. San áireamh leis sin tá úsáid bhosca uirlisí na cibearthaidhleoireachta, freagairt taidhleoireachta chomhpháirteach ón Aontas ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha.