Ábhar an leathanaighÁbhar an leathanaigh Réamhrá Sin agat NextGenerationEU. Tá níos mó ag baint leis ná plean téarnaimh. Deis aon uaire is ea é chun teacht amach as an bpaindéim agus sinn níos láidre, ár ngeilleagair a chlaochlú, agus deiseanna agus poist a chruthú don Eoraip inar mian linn cónaí. Gach ní a theastaíonn chun é sin a bhaint amach, tá sé againn.Tá an fhís againn, tá an plean againn agus chomhaontaíomar infheistíocht €806.9 billiún* a dhéanamh i dteannta a chéile.Seo é anois an t-am le dul i mbun oibre chun go mbeidh an Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní.*Tá an figiúr sin i bpraghsanna reatha. €750 billiún atá ann i bpraghsanna 2018. An pacáiste spreagtha is mó riamh I dteannta a chéile, is iad buiséad fadtéarmach an Aontais in éineacht le NextGenerationEU (NGEU), an ionstraim shealadach a dearadh chun dlús a chur leis an téarnamh, an pacáiste spreagtha is mó dá maoiníodh riamh san Eoraip. Tá €2.018 trilliún san iomlán i bpraghsanna reatha* ag cuidiú chun an Eoraip a atógáil tar éis COVID-19. Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní a bheidh ann. Tá na cistí á n-úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is tábhachtaí atá roimh an Eoraip agus chun tacú leo siúd atá i ngátar. I ndiaidh ionsaí na Rúise ar an Úcráin, rinneadh buiséad an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh éigeandála agus tacaíocht a sholáthar san Úcráin agus i dtíortha an Aontais Eorpaigh, sin agus chun iarmhairtí daonnúla an chogaidh a laghdú. €1.8 trilliún i bpraghsanna 2018 Fíorais agus figiúirí ó CAI 2021-2027 agus NextGenerationEU Príomhghnéithe an phacáiste Tá breis agus 50% den bhuiséad fadtéarmach agus NextGenerationEU ag tacú leis an nuachóiriú, mar shampla tríd an méid seo a leanas: taighde agus nuálaíocht, tríd an gclár Fís Eorpachaistrithe córa aeráide agus digiteacha, tríd an gCiste um Aistriú Cóir agus an clár don Eoraip Dhigiteachullmhacht, téarnamh agus athléimneacht, tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rescEU agus clár sláinte nua, EU4Health Chomh maith leis sin, tugtar aird sa phacáiste ar na nithe seo a leanas: nuachóiriú a dhéanamh ar bheartais thraidisiúnta amhail comhtháthú agus an comhbheartas talmhaíochta, chun an méid a chuireann siad le tosaíochtaí an Aontais a uasmhéadúan t-athrú aeráide a chomhrac, le 30% de chistí an Aontais, an sciar is airde riamh de bhuiséad an Aontaiscosaint na bithéagsúlachta agus comhionannas inscne Príomh-nuálaíochtaí Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus leithdháiltí iomlána NextGenerationEU in aghaidh an cheannteidil Ceannteideal CAI NextGenerationEU 1. An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha €149.5 billiún €11.5 billiún 2. An comhtháthú, an athléimneacht agus luachanna €426.7 billiún €776.5 billiún 3. Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol €401 bhilliún €18.9 billiún 4. An imirce agus bainistiú na dteorainneacha €25.7 billiún - 5. An tslándáil agus an chosaint €14.9 billiún - 6. An chomharsanacht agus an Domhan €110.6 billiún - 7. Riarachán poiblí Eorpach €82.5 billiún - CAI IOMLÁN €1,210.9 billiún €806.9 billiún Tá ná méideanna sin ar fad i €, i bpraghsanna reatha. Foinse: an Coimisiún Eorpach NextGenerationEUIonstraim théarnaimh shealadach dar luach níos mó ná €800 billiún is ea NextGenerationEU, a chuideoidh chun leigheas a chur ar an dochar eacnamaíoch agus sóisialta láithreach atá le sonrú anois de dheasca phaindéim an choróinvíris. Tar éis COVID-19 beidh an Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní, agus is fearr a bheidh sí in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha agus orthu sin atá le teacht. Is é an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) croílár NextGenerationEU – ionstraim lena gcuirtear deontais agus iasachtaí ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit an Aontais ar luach iomlán €723.8 billiún. Chun cistí a fháil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní mór do na Ballstáit Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a ullmhú ina leagfar amach an chaoi a ndéanfaidh siad na cistí a infheistiú. Thairis sin, ní mór dóibh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a chomhlíonadh, agus sula bhféadfar aon eisíocaíochtaí faoin RRF a leithdháileadh, déanann an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh sásúil gach garsprice agus gach sprice. Chun féachaint ar phleananna Bhallstáit éagsúla an Aontais agus na heisíocaíochtaí a rinneadh go dtí seo a rianú, féach an Scórchlár idirghníomhach Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá an chuid eile de na cistí ó NextGenerationEU á n-eisíoc le Ballstáit an Aontais trí roinnt clár de chuid an Aontais: Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU), Fís Eorpach, InvestEU, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe nó an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC). Tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin, d’fhéadfadh Ballstáit an Aontais cuid de na cistí sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndídeanaithe a thagann chuig a gcríocha. Miondealú NextGenerationEU An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) €723.8 billiún an méid de ar iasachtaí é €385.8 billiún an méid de ar deontais é €338 mbilliún Clár Cistiú ReactEU €50.6 billiún Fís Eorpach €5.4 billiún InvestEU €6.1 billiún Forbairt Tuaithe €8.1 billiún An Ciste um Aistriú Cóir €10.9 billiún RescEU €2 bhilliún IOMLÁN €806.9 billiún Tá ná méideanna sin ar fad i €, i bpraghsanna reatha. Foinse: an Coimisiún Eorpach Leithdháiltí náisiúnta Ní bhaineann buiséad an Aontais le tíortha a bheith ag ligean chucu agus uathu, agus níor bhain riamh. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith mar chuid den mhargadh aonair, iad ag tabhairt aghaidh le chéile ar na dúshláin choiteanna. Cistí an Aontais, mar shampla faoi na cistí comhtháthaithe nó Fís Eorpach, téann siad chuig gach cearn den Aontas. Fuair na Ballstáit méideanna réamhshannta i roinnt réimsí beartais. Féadfaidh tú féachaint orthu anseo. Buiséad fadtéarmach an Aontais agus NextGenerationEU a mhaoiniú Leanfar de bhuiséad fadtéarmach an Aontais a mhaoiniú ó fhoinsí aitheanta ioncaim bhuiséad an Aontais:dleachtanna custaimranníocaíochtaí ó na Ballstáit bunaithe ar cháin bhreisluacha (CBL)ranníocaíochtaí bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN)Ina theannta sin, an 1 Eanáir 2021, tabharfar isteach ranníocaíocht náisiúnta nua bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte mar fhoinse ioncaim eile de chuid bhuiséad an Aontais. Iasachtaí a fháil chun an téarnamh a mhaoiniú Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, tá an Coimisiún Eorpach, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ag fáil iasachtaí ar na margaí ar rátaí níos fabhraí ná mar a gheobhadh an chuid is mó de Ballstát agus déanann sé an t-airgead sin a athdháileadh. Sula raibh ann do NextGenerationEU, d’eisigh an Coimisiún Eorpach bannaí cheana féin, mar shampla chun iasachtaí le Ballstáit an Aontais agus le tríú tíortha a mhaoiniú, suas le €100 billiún do chlár SURE san áireamh chun tacú le poist agus chun daoine a choimeád ina bpost le linn phaindéim COVID-19. Déanfaidh an tAontas Eorpach suas le thart ar €800 billiún i bpraghsanna reatha a thiomsú go dtí 2026 le haghaidh NextGenerationEU trí straitéis maoinithe éagsúlaithe. An tAontas Eorpach ina iasachtaí Treochlár soiléir i dtreo foinsí nua ioncaim le cabhrú chun iasachtaí a aisíoc Sa chomhaontú idirinstitiúideach ó mhí na Nollag 2021, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún oibriú i dtreo acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach chun aisíocaíochtaí NextGenerationEU a chumhdach. Ar an gcaoi sin, i mí na Nollag 2021 mhol an Coimisiún trí fhoinse nua ioncaim do bhuiséad an Aontais, ar foinsí iad a chuideoidh chun an chuid deontas de NextGenerationEU a aisíoc. Rannchuideodh an togra sin freisin leis an gCiste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú, arb é is aidhm dó a chinntiú nach bhfágfaí aon duine ar lár san aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe. An 20 Meitheamh 2023 chuir an Coimisiún a thogra i gcrích maidir leis an gcéad ghlúin eile d’acmhainní dílse. Sa phacáiste deiridh áirítear acmhainn dhílis staidrimh shealadach nua bunaithe ar bhrabúis chuideachta. Tar éis an chomhaontaithe pholaitiúil maidir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, lena bhféachtar lena chinntiú go rannchuideoidh beartais an Aontais le haeráidneodracht ár mór-roinne, rinne an Coimisiún freisin coigeartú ar na tograí maidir le hacmhainní dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) agus ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) i gcomparáid leis na tograí bunaidh ó mhí na Nollag 2021. acmhainn dhílis an Chórais Trádála Astaíochtaíacmhainn dhílis an tSásra coigeartaithe carbóin ar theorainneachaAcmhainn dhílis staidrimh shealadach bunaithe ar bhrabúis chuideachta. Ina theannta sin, an acmhainn dhílis atá bunaithe ar sciar na mbrabús iarmharach ó chuideachtaí ilnáisiúnta a ath-leithdháilfear ar Bhallstáit an Aontais faoi chomhaontú ECFE/G20 maidir le hath-leithdháileadh ceart cánach (‘Colún a hAon’), coinnítear í. Tá an Coimisiún ag obair le Parlaimint na hEorpa agus le Ballstáit an Aontais sa Chomhairle chun na foinsí nua ioncaim a fhormheas go pras. Foinsí ioncaim de chuid bhuiséad 2021-2027 an Aontais Na chéad acmhainní dílse eile de chuid an Aontais Eorpaigh Na tairbhithe Féadfaidh duine ar bith tairbhiú de bhuiséad an Aontais. Glaonna ar thairiscintí atá oscailte nó a bheidh ann amach anseo, eolas cúlra faoi phróisis agus cláir mhaoiniúcháin, agus iarratas a dhéanamh ar líne. Eolas faoin bpróiseas tairisceana agus faoi dheiseanna ar ghnó a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach. Cúlra Chuir an Coimisiún i láthair a thogra don chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais an 2 Bealtaine 2018. An 27 Bealtaine 2020 mar fhreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris a bhí ar scála nach bhfacthas riamh roimhe, mhol an Coimisiún Eorpach an ionstraim shealadach théarnaimh NextGenerationEU, chomh maith le hatreisithe spriocdhírithe ar bhuiséad fadtéarmach 2021-2027 an Aontais. An 21 Iúil 2020 agus níos lú ná dhá mhí ina dhiaidh sin, tháinig ceannairí Bhallstáit an Aontais ar chomhaontú stairiúil maidir leis an bpacáiste. Ghlac an Chomhairle go críochnaitheach é an 17 Nollaig 2020. An próiseas caibidlíochta An t-eolas is déanaí a fháil agus a bheith rannpháirteach.#NextGenerationEULíonraí sóisialta eile Doiciméid 11 FEABHRA 2021Adopted MFF legal acts 17 NOLLAIG 2020EU budget - European Commission welcomes the adoption of the EU's long-term budget for 2021-2027 22 NOLLAIG 2020Questions and answers on the adoption of the EU's long-term budget for 2021-2027 11 SAMHAIN 2020EU’s next long-term budget & NextgenerationEU - Key facts and figuresTeangacha eile (2)Deutsch(605.33 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(588.43 KB - PDF)Íoslódáil 11 SAMHAIN 2020Questions and Answers on the agreement on the €1.8 trillion package to help build greener, more digital and more resilient Europe 10 SAMHAIN 2020EU budget: European Commission welcomes agreement on €1.8 trillion package to help build greener, more digital and more resilient EuropeTeangacha eile (21)български(5.95 KB - HTML)Íoslódáilespañol(5.95 KB - HTML)Íoslódáilčeština(5.95 KB - HTML)Íoslódáildansk(5.95 KB - HTML)ÍoslódáilDeutsch(5.95 KB - HTML)Íoslódáileesti(5.95 KB - HTML)Íoslódáilελληνικά(5.95 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(5.95 KB - HTML)Íoslódáilhrvatski(5.95 KB - HTML)Íoslódáilitaliano(5.95 KB - HTML)Íoslódáillatviešu(5.95 KB - HTML)Íoslódáillietuvių(5.95 KB - HTML)Íoslódáilmagyar(5.95 KB - HTML)ÍoslódáilMalti(5.95 KB - HTML)ÍoslódáilNederlands(5.95 KB - HTML)Íoslódáilpolski(5.95 KB - HTML)Íoslódáilromână(5.95 KB - HTML)Íoslódáilslovenčina(5.95 KB - HTML)Íoslódáilslovenščina(5.95 KB - HTML)Íoslódáilsuomi(5.95 KB - HTML)Íoslódáilsvenska(5.95 KB - HTML)Íoslódáil 27 BEALTAINE 2020Communication: Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next GenerationTeangacha eile (22)български(130.13 KB - HTML)Íoslódáilespañol(198.88 KB - HTML)Íoslódáilčeština(193.71 KB - HTML)Íoslódáildansk(192.25 KB - HTML)ÍoslódáilDeutsch(202.37 KB - HTML)Íoslódáileesti(187.53 KB - HTML)Íoslódáilελληνικά(251.55 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(203.22 KB - HTML)Íoslódáilhrvatski(187.76 KB - HTML)Íoslódáilitaliano(196.7 KB - HTML)Íoslódáillatviešu(193.32 KB - HTML)Íoslódáillietuvių(193.19 KB - HTML)Íoslódáilmagyar(202.4 KB - HTML)ÍoslódáilMalti(194.68 KB - HTML)ÍoslódáilNederlands(195.79 KB - HTML)Íoslódáilpolski(199.4 KB - HTML)Íoslódáilportuguês(197.76 KB - HTML)Íoslódáilromână(200.08 KB - HTML)Íoslódáilslovenčina(195.02 KB - HTML)Íoslódáilslovenščina(188.28 KB - HTML)Íoslódáilsuomi(194.34 KB - HTML)Íoslódáilsvenska(192.6 KB - HTML)Íoslódáil 27 BEALTAINE 2020Communication: The EU budget powering the recovery plan for EuropeTeangacha eile (22)български(352.85 KB - HTML)Íoslódáilespañol(271.43 KB - HTML)Íoslódáilčeština(264.71 KB - HTML)Íoslódáildansk(264.63 KB - HTML)ÍoslódáilDeutsch(274.84 KB - HTML)Íoslódáileesti(259.17 KB - HTML)Íoslódáilελληνικά(359.9 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(278.35 KB - HTML)Íoslódáilhrvatski(261.24 KB - HTML)Íoslódáilitaliano(268.16 KB - HTML)Íoslódáillatviešu(269.8 KB - HTML)Íoslódáillietuvių(266.32 KB - HTML)Íoslódáilmagyar(283.57 KB - HTML)ÍoslódáilMalti(267.54 KB - HTML)ÍoslódáilNederlands(271.63 KB - HTML)Íoslódáilpolski(271.56 KB - HTML)Íoslódáilportuguês(274.84 KB - HTML)Íoslódáilromână(278.69 KB - HTML)Íoslódáilslovenčina(267.79 KB - HTML)Íoslódáilslovenščina(256.31 KB - HTML)Íoslódáilsuomi(269.34 KB - HTML)Íoslódáilsvenska(262.73 KB - HTML)Íoslódáil 27 BEALTAINE 2020Commission Staff Working Document: Identifying Europe's recovery need 27 BEALTAINE 2020Adjusted Commission Work Programme 2020Teangacha eile (23)български(300.99 KB - HTML)Íoslódáilespañol(252.58 KB - HTML)Íoslódáilčeština(246.51 KB - HTML)Íoslódáildansk(244.46 KB - HTML)ÍoslódáilDeutsch(251.13 KB - HTML)Íoslódáileesti(243.26 KB - HTML)Íoslódáilελληνικά(296.6 KB - HTML)ÍoslódáilEnglish(241.49 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(255.95 KB - HTML)Íoslódáilhrvatski(248.85 KB - HTML)Íoslódáilitaliano(252.5 KB - HTML)Íoslódáillatviešu(249.62 KB - HTML)Íoslódáillietuvių(250.34 KB - HTML)Íoslódáilmagyar(257.22 KB - HTML)ÍoslódáilMalti(251.52 KB - HTML)ÍoslódáilNederlands(250.19 KB - HTML)Íoslódáilpolski(253.31 KB - HTML)Íoslódáilportuguês(251.69 KB - HTML)Íoslódáilromână(255.7 KB - HTML)Íoslódáilslovenčina(249.4 KB - HTML)Íoslódáilslovenščina(245.02 KB - HTML)Íoslódáilsuomi(246.63 KB - HTML)Íoslódáilsvenska(248.77 KB - HTML)Íoslódáil 27 BEALTAINE 2020Adjusted Commission Work Programme 2020 - Annexes 27 BEALTAINE 2020MFF Legislation Naisc ghaolmhara An tSaoráid Téarnaimh agus AthléimneachtaAn fhreagairt ar an gcoróinvíreasServiceRECOVERAn Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta
Sin agat NextGenerationEU. Tá níos mó ag baint leis ná plean téarnaimh. Deis aon uaire is ea é chun teacht amach as an bpaindéim agus sinn níos láidre, ár ngeilleagair a chlaochlú, agus deiseanna agus poist a chruthú don Eoraip inar mian linn cónaí. Gach ní a theastaíonn chun é sin a bhaint amach, tá sé againn.Tá an fhís againn, tá an plean againn agus chomhaontaíomar infheistíocht €806.9 billiún* a dhéanamh i dteannta a chéile.Seo é anois an t-am le dul i mbun oibre chun go mbeidh an Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní.*Tá an figiúr sin i bpraghsanna reatha. €750 billiún atá ann i bpraghsanna 2018.
NextGenerationEUIonstraim théarnaimh shealadach dar luach níos mó ná €800 billiún is ea NextGenerationEU, a chuideoidh chun leigheas a chur ar an dochar eacnamaíoch agus sóisialta láithreach atá le sonrú anois de dheasca phaindéim an choróinvíris. Tar éis COVID-19 beidh an Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní, agus is fearr a bheidh sí in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha agus orthu sin atá le teacht.
Leanfar de bhuiséad fadtéarmach an Aontais a mhaoiniú ó fhoinsí aitheanta ioncaim bhuiséad an Aontais:dleachtanna custaimranníocaíochtaí ó na Ballstáit bunaithe ar cháin bhreisluacha (CBL)ranníocaíochtaí bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN)Ina theannta sin, an 1 Eanáir 2021, tabharfar isteach ranníocaíocht náisiúnta nua bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte mar fhoinse ioncaim eile de chuid bhuiséad an Aontais.