Ár bhfís le haghaidh thalmhaíocht agus bia an Aontais Eorpaigh Tá fís leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le todhchaí na feirmeoireachta agus an táirgthe bia san Aontas. Tá sé mar aidhm aige córas bia cothrom iomaíoch a chruthú lena gcuirfear bia inacmhainne inbhuanaithe ar fáil do chách. Féachann sé le cuidiú le feirmeoirí dúshláin a shárú, cuir i gcás costais atá ag ardú, an t-athrú aeráide, agus suaitheadh sa slabhra soláthair, sin agus a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ar thús cadhnaíochta i dtáirgeadh bia. Is é an sprioc atá ann córas bia níos láidre agus níos nuálaí a thógáil a rachaidh chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do thomhaltóirí araon, córas a chuideoidh chun an domhan a chothú ar bhealach inbhuanaithe.Cuireann an treochlár le hobair an idirphlé straitéisigh maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach, agus moltar ann príomhchonairí do thodhchaí an bheartais agraibhia go dtí 2040. Chun an fhís sin a fhíorú, beidh an tAontas ag obair go dlúth le feirmeoirí, táirgeoirí bia, pobail tuaithe agus an tsochaí shibhialta chun todhchaí níos fearr a cheapadh don talmhaíocht agus do bhia san Eoraip. Beidh muinín á cothú againn agus feabhas á chur againn ar an idirphlé chun cur chuige cuimsitheach comhoibritheach a chruthú a léireoidh traidisiúin agus luachanna na hEorpa. Earnáil agraibhia rathúil Tá an fhís bunaithe ar cheithre phríomhréimse. Earnáil tharraingteachOibreoidh an tAontas chun gairm bheatha inmharthana tharraingteach a dhéanamh den fheirmeoireacht do na glúnta atá le teacht. Ciallaíonn sé sin ioncam cothrom, tacaíocht níos fearr, agus slabhra bia níos láidre. Tabharfaimid straitéis um athnuachan ó ghlúin go glúin in 2025 chun cabhrú le feirmeoirí óga a bheith nuálach agus chun infheistíocht a dhéanamh ina ngnólachtaí.Earnáil iomaíoch sholúbthaCuideoidh an tAontas lenár gcóras agraibhia géarchéimeanna a sheasamh agus deiseanna a thapú trí bheith níos éagsúla, níos inoiriúnaithe agus níos nuálaí. Tabharfaimid tús áite don tslándáil bia, déanfaimid slabhraí soláthair a éagsúlú, agus oibreoimid i dtreo iomaíocht níos cothroime. Earnáil a bheidh slán i bhfad na haimsire Beidh ról tábhachtach ag an bhfeirmeoireacht san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin. Cuirfidh an tAontas cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe chun cinn lena laghdófar astaíochtaí, lena gcosnófar acmhainní nádúrtha, agus lena bhfeasófar sláinte ithreach. Forbróimid freisin córas deonach tagarmharcála chun cabhrú le feirmeoirí a bhfeidhmíocht a thomhas agus a fheabhsú.Earnáil a bhfuil meas aici ar bhia agus ar dhaoineIs mian leis an Aontas daoine a nascadh an athuair leis an mbia a itheann siad agus leis na críocha agus na traidisiúin uathúla a bhaineann leo. Tacóimid le ceantair thuaithe, laghdóimid cur amú bia, agus tabharfaimid aghaidh ar an méid is ábhar imní do shochaithe, cuir i gcás leas ainmhithe. Reáchtálfaimid Idirphlé Bia bliantúil freisin chun saincheisteanna criticiúla cosúil le hinacmhainneacht bia agus cothú a phlé. Príomhréimsí gníomhaíochta Straitéis um athnuachan ó ghlúin go glúin chun tacú le feirmeoirí óga faoi 2025Pacáiste cuimsitheach simpliúcháin a mholadh in 2025 don chreat reachtach talmhaíochta atá ann faoi láthairStraitéis dhigiteach an Aontais a sheoladh don talmhaíocht chun tacú leis an aistriú chuig an bhfeirmeoireacht atá réidh don digitiúCóras deonach tagarmharcála a fhorbairt chun cabhrú le feirmeoirí a bhfeidhmíocht a thomhas agus a fheabhsúIdirphlé bliantúil maidir le bia a reáchtáilLéigh tuilleadh faoin bhfís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia Príomhfhigiúirí Cúlra Siar i mí Eanáir 2024, sheol an Coimisiún an t-idirphlé straitéiseach maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach, fóram a cruthaíodh chun fís chomhroinnte d’fheirmeoireacht an Aontais a mhúnlú. Tugadh le chéile ann 29 bpríomhpháirtí leasmhara ó earnálacha agraibhia na hEorpa, ón tsochaí shibhialta, ó phobail tuaithe agus ón saol acadúil. Sa tuarascáil chríochnaitheach ón Idirphlé Straitéiseach, cuireadh measúnú ar dhúshláin agus ar dheiseanna i láthair, agus sraith moltaí ina dhiaidh sin. Ba iad na moltaí sin ba bhonn leis an bhfís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia. An scéala is déanaí Preaseisiúint14 Bealtaine 2025Déanann an Coimisiún an Comhbheartas Talmhaíochta a shimpliú chun tacú le feirmeoirí agus chun feabhas a chur ar an iomaíochasChun an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a shimpliú agus chun borradh a chur faoi iomaíochas feirmeoirí, tá pacáiste mór beart á chur i láthair ag an gCoimisiún Eorpach inniu lena ndírítear ar an ualach riaracháin, ar rialuithe, ar chur chun feidhme, ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus ar riachtanaAm léitheoireachta: 6 nóiméadPreaseisiúint28 Márta 2025Tacaíocht á tabhairt ag an gCoimisiún d'earnáil fíona an Aontais i bhfianaise na ndúshlán nua atá roimpiInniu, tá an Coimisiún Eorpach ag moladh raon beart chun a chinntiú go leanfaidh earnáil fíona an Aontais de bheith iomaíoch, athléimneach agus ina fórsa eacnamaíoch ríthábhachtach sna blianta amach romhainn.Am léitheoireachta: 4 nóiméadSee more News Naisc ghaolmhara Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia – léargas níos doimhne Idirphlé Straitéiseach maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas EorpachTalmhaíocht san Aontas Eorpach Gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí
Tá fís leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le todhchaí na feirmeoireachta agus an táirgthe bia san Aontas. Tá sé mar aidhm aige córas bia cothrom iomaíoch a chruthú lena gcuirfear bia inacmhainne inbhuanaithe ar fáil do chách. Féachann sé le cuidiú le feirmeoirí dúshláin a shárú, cuir i gcás costais atá ag ardú, an t-athrú aeráide, agus suaitheadh sa slabhra soláthair, sin agus a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ar thús cadhnaíochta i dtáirgeadh bia. Is é an sprioc atá ann córas bia níos láidre agus níos nuálaí a thógáil a rachaidh chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do thomhaltóirí araon, córas a chuideoidh chun an domhan a chothú ar bhealach inbhuanaithe.Cuireann an treochlár le hobair an idirphlé straitéisigh maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach, agus moltar ann príomhchonairí do thodhchaí an bheartais agraibhia go dtí 2040.
Preaseisiúint14 Bealtaine 2025Déanann an Coimisiún an Comhbheartas Talmhaíochta a shimpliú chun tacú le feirmeoirí agus chun feabhas a chur ar an iomaíochasChun an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a shimpliú agus chun borradh a chur faoi iomaíochas feirmeoirí, tá pacáiste mór beart á chur i láthair ag an gCoimisiún Eorpach inniu lena ndírítear ar an ualach riaracháin, ar rialuithe, ar chur chun feidhme, ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus ar riachtanaAm léitheoireachta: 6 nóiméad
Preaseisiúint28 Márta 2025Tacaíocht á tabhairt ag an gCoimisiún d'earnáil fíona an Aontais i bhfianaise na ndúshlán nua atá roimpiInniu, tá an Coimisiún Eorpach ag moladh raon beart chun a chinntiú go leanfaidh earnáil fíona an Aontais de bheith iomaíoch, athléimneach agus ina fórsa eacnamaíoch ríthábhachtach sna blianta amach romhainn.Am léitheoireachta: 4 nóiméad